Satya Nadella
PF
Ag Microsoft, is é ár misean gach duine agus eagraíocht ar an bpláinéad a chumhachtú chun tuilleadh a bhaint amach. Déanaimid amhlaidh trí néal éirimiúil a thógáil, táirgiúlacht agus próisis ghnó a athcheapadh agus an ríomhaireacht a dhéanamh níos pearsanta. Sa mhéid seo uile, coinneoimid luach síoraí na príobháideachta agus do chumas chun do shonraí a rialú.
Tosaíonn sé seo le cinntiú ag bhfaigheann tú roghanna ciallmhara faoin bhfáth agus faoin tslí ina ndéantar sonraí a bhailiú agus a úsáid, agus cinntiú go bhfuil an fhaisnéis agat is gá chun na roghanna a oireann duit a dhéanamh maidir lenár dtáirgí agus ár seirbhísí.
Táimid ag obair gach lá chun go mbeidh iontaoibh agat ionainn, trí dhíriú ar shé cinn de phríomhphrionsabail príobháideachta:
Is iad na prionsabail seo an bonn atá le cur chuige Microsoft i leith an phríobháideachais agus múnlóidh sé i gcónaí an tslí ina dtógfimid ár dtáirgí agus ár seirbhísí. I gcás custaiméirí fiontair agus gnó, seiceáil an Lárionad Iontaoibhe Microsoft go bhfaighe tú amach an tslí ina gcosnaímid do shonraí i Néal Microsoft.
Ar an gcuid eile den suíomh gréasáin seo, gheobhaidh tú naisc le faisnéis agus rialuithe eile ionas gur féidir leat an cinneadh a oireann duitse a dhéanamh. Agus táimid i gcónaí ag obair ar son feabhais, mar sin má thugann tú rud éigin faoi deara inár dtáirgí agus seirbhísí nach n-oibríonn faoi mar a bheadh súil agat leis ó thaobh príobháideachta, abair linn é.
Bailíonn Microsoft sonraí chun cabhrú leat níos mó a dhéanamh. Chuige sin, úsáidimid na sonraí a bhailímid chun ár mbogearraí, seirbhísí agus gléásanna a oibriú agus a fheabhsú, eispéiris phearsantaithe a chur ar fáil duit agus cabhrú leat a bheith sábháilte i gcónaí. Seo cuid de na catagóirí sonraí is coitianta a bhailímid.

Dála mórchuid inneall cuardaigh, úsáidimid do stair chuardaigh, agus an stair a chomhthiomsaítear ó dhaoine eile, chun torthaí cuardaigh níos fearr a thabhairt duit. Chun dlús a chur le brabhsáil gréasáin, is féidir le brabhsálaithe gréasáin Microsoft stair bhrabhsála a bhailiú agus a úsáid chun an áit inar mian leat dul a réamhinsint. Féadfaidh Cortana moltaí pearsantaithe a dhéanamh, bunaithe ar do stair bhrabhsála agus chuardaigh.
Is é do rogha é cibe an mbailítear stair bhrabhsála tríd an socrú Aiseolas agus Diagnóisic i do shocruithe príobháideachta Windows. Nó is féidir leat rochtain Cortana ar do stair chuardaigh agus brabhsála a bhainistiú i socruithe Cortana agus Microsoft Edge.

Cabhraíonn faisnéis suímh linn treoracha a thabhairt duit chuig na háiteanna is mian leat dul agus faisnéis a thaispeáint duit maidir leis an áit ina bhfuil tú. Chuige sin, úsáidimid na suíomhanna a thugann tú dúinn ó a bhraithimid le teicneolaíochtaí amhail GPS nó seoltaí IP.
Is cabhair dúinn suíomh a bhrath agus muid ag iarraidh tú a chosaint. Mar shampla, más gnách duit síniú isteach ó Tóiceo, agus má shíníonn tú isteach go tobann ó Londain, seiceálfaimid an tú féin atá ann.
Is féidir leat seirbhísí suímh do ghléis a chasadh air nó as i Socruithe > Príobháid > Suíomh. As seo, beidh rogha agat faoi cad iad na feidhmchláir Microsoft Store a mbeidh rochtain acu ar do shuíomh agus is féidir an stair suímh atá stóráilte ar do ghléas a bhainistiú.
Chun sonraí suímh a ghabh le do chuntas Microsoft a fheiceáil agus a ghlanadh, gabh chuig account.microsoft.com.

Chun cabhrú leat trácht a sheachaint, cuimhneamh ar ócáidí cothrom bliana, téacs a sheoladh chuig an "Jennifer" ceart i do liosta teagmhálaithe, agus níos mó i gcoitinne a dhéanamh, is gá gurb eol do Cortana d'ábhair spéise, a bhfuil i d'fhéilire agus na daoine a ndéanann tú rudaí leo. Nuair nach mian leat méarchlár a úsáid, is féidir linn do phatrúin cainte agus lámhscríbhneoireachta a úsáid chun an méid is mian leat a rá nó a scríobh a aistriú isteach i ndoiciméid agus i dteachtaireachtaí téacs.

Is féidir le Microsoft Health, HealthVault agus gléasanna cosúil le Microsoft Band cabhrú leat do shonraí sláinte a thuiscint agus a bhainistiú.
Is féidir sonraí fíor-ama cosúil le do chroíráta agus na céimeanna a thógann tú gach lá a chuimsiú ann. Freisin, áireofar air do thaifid sláinte má roghnaíonn tú HealthVault a úsáid chun na sonraí sin a stóráil. Le HealthVault is féidir leat do thaifid sláinte a chomhroinnt le do chúramóirí, leis.

Faigheann cuid de sheirbhísí Microsoft tacú ó fhógraíocht. Chun fógraí a bhféadfá spéis a chur iontu a thaispeáint duit, úsáidimid sonraí amhail do shuíomh, cuardach gréasáin Bing, leathanaigh ghréasáin Microsoft nó fógraí a bhféachann tú orthu, déimeagrafaic, agus ceanáin atá marcáilte agat. Ní úsáidimid an méid a deir tú i ríomhphost, comhrá, glaonna físeáin nó glórphort, ná i do dhoiciméid, grianghraif nó comhaid phearsanta eile chun fógraí a dhíriú ort.
Chun Microsoft a stopadh ó fhógraí bunaithe ar d'ábhair spéise a thaispeáint duit, úsáid ár rialuithe fógraíochta ar líne. Feicfidh tú fógraí i gcónaí, ach is féidir nach mbeidh siad chomh spéisiúil sin duit.

Ach clárú le haghaidh do chuntas Microsoft féin, is féidir leat seirbhísí ar líne amhail stóras agus socruithe teaghlaigh a úsáid, agus cabhraíonn sé leat do shocruithe a choimeád sioncronaithe ar do ghléasanna uile. Nuair a chuireann tú sonraí íocaíochta le do chuntas, is furasta feidhmchláir, síntiúis, scannáin, cláir theilifíse agus cluichí a fháil ar do ghléasanna Windows 10.
Ach do phasfhocal a choimeád faoi rún, agus faisnéis bhreise slándála amhail uimhir fóin nó seoladh ríomhphoist a chur leis, is féidir leat do chomhaid, cártaí creidmheasa, stair bhrabhsála agus faisnéis suímh a choimeád níos sláine agus níos sábháilte.
Chun pasfhocail, faisnéis slándála, agus roghanna íocaíochta a nuashonrú, gabh chuig suíomh gréasáin chuntas Microsoft.

Mar a bheadh súil agat leis ó aon ghléas nua-aimseartha, tá braiteoir i bhformhór na bhfón, na dtáibléad agus na ríomhairí Windows 10—slite inar féidir leisi an ngléas an domhan a bhrath. Is féidir gurb é micreafón nó méadar luasghéarúcháin d'fhóin é, scanóir méarloirg do ríomhaire, braiteoir inmheánach GPS nó rud éigin eile.
Ar ghléasanna Windows 10, rialaíonn tú cad iad na sonraí braiteora is ceadmhach don ghléas agus d'fheidhmchláir a úsaid i Socruithe > Príobháideacht.

Le Windows 10 mar sheirbhís néalchumhachtaithe, cabhraíonn sonraí linn d'eispéireas a chosaint agus a fheabhsú go leanúnach. Mar shampla, mar chabhair chun tú a choimeád sábháilte ar line, déanaimid gléasanna Windows 10 a scanadh go huathoibríoch le haghaidh bogearraí mailíseacha aithnide. Úsáidimid teiliméadracht, leis, arb ionann é agus faisnéis leanúnach a fhaighimid faoin tslí a bhfuil do chóras Windows 10 ag obair, chun dea-bhail a choimeád ar do ghléas. Mar sin más eol dúinn go bhfuil fadhb ann le tiománaí printéara áirithe, is féidir linn na tiománaithe cearta a sheoladh chuig na daoine a úsáideann an cineál printéara sin, agus chucu sin amháin.
Tugaimid roinnt rialuithe duit, freisin, faoin tslí ina n-úsáidtear faisnéis chun seirbhísí agus eispéiris pearsantaithe a sholáthar duit in Windows 10. Is féidir do shocruithe príobháideachta Windows 10 a choigeartú uair ar bith maidir le rud ar bith ó theiliméadracht bhunúsach go seirbhísí pearsantaithe ach gabháil chuig Socruithe > Príobháideacht > Aiseolas & diagnóisic.